Shraigh National School
Scoil Náisiúnta na Sraithe
Boithrín na Smaointe
We are blessed to have a super book published in 1995 on the history of our school. With permission, we have taken sections from this walk down memory lane and reproduced it here for you starting with the history of Shraigh school, written by our past principal, Nell McDonnell, followed by a school tour in 1987 described by a past pupil. We also have reproduced the articles on the recollections of past teachers. Máire Ní Ghachain tells her own story, while Mary Gaughan writes her recollections of Michael and Margaret McLoughlin, Stephen Glenn presents "A Master's Memories" and finally P. J. Walshe who taught in Shraigh N.S. in the 1940's presents "The Forties"
Boithrín na Smaointe le Máire Ní Ghachain
Níl sé ar intinn agam stair na scoile seo, ná scéal mo bheatha a thosaigh mé ag múineadh inti a chur ós bhur gcomhair san alt seo. Tá glactha leis an gcúram sin ag daoine atá i bhfad nios fearr chuige ná mise agus gan aon dabht déanfaidh siad éacht leis. Ach is iomdha eachtra thaitneamhach, ghreannmhar, spóirtiúil, agus faraor brónach, a thagann chun cuimhné dom i rith mo thréimhse mada sa scoil, agus is ar chuid acu sin is mian liom trácht.
Thosaigh mo chuid múinteoireachta i Scoil na Sraithe ar Mheitheamh 11, 1945. Bhi mé roinnt scáfarach an lá úd, agus mé in mo sheasamh mar chuaille ar lic an dorais, ag fanacht leis an bpríomhoide Seán Catháin, beannacht Dé lena anam, mar ni raibh oiread agus aithne súl féin agam air. Tháinig sé in am tráth — bhi mise an-luath an chéad mhaidin ar ndóigh — chuir ar mo shuaimhneas mé, thaispeáin mo sheomra ranga dom, agus chuir na páisti agus mé féin in aithne dá chéile. Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chonaic mé an seomra geal fada fairsing a bhi agam dom féin.
B'iontach an faoiseamh é taréis an chéad naoi mí de mo shaol múinteoireachta a bheith caite agam i scoil trí oide, agus gan eadrainn triúr ach seomra ranga amháin a bhi nios lú ná an ceann seo. Bhí slua mór páisti faoi mo chúram, breis is leithchéad, i mbuíonta, ó naonáin go rang a tri. Niorbh rud ar bith as an gcoitionn é sin do scoil dhá oide san am, is cosúil nach bhfuil anois ach oiread de réir mar chloisim! Chaith mé an lá sin ag cur aithne phearsanta ar na páisti. Chuaigh sé rite go leor liom idirdhealú a dhéanamh idir theaghlaigh na mBairéadaigh mar ba iad ba líonmhaire sa scoil taca an ama sin.
Sula ndeachaigh mé abhaile an tráthnóna sin neos an Priomh Oide dom go mbeadh an Dochtúir Mac Domhnaill, iar Easpag na díeóise ina dhiaidh sin, ag teacht roimh dheire na seachtaine chun scrúdú Teagasc Criostaí a chur ar na páisti. Tháinig sé an lá dar gcionn agus déirigh go geal leo, a bhuíochas sin do Inion Ui Chadhlaigh an cúntoir a bhí anseo romham agus múinteoir den scoth. Tá an bheirt acu ar shli na firinne anois solas na bhflaitheas dá nanamacha dilse.
Cé go raibh cónai orm trasna na trá ón scoil, ba bheag aithne a bhi agam ar chos mhuintir na Sraithe cé is moite den aos óg a bhi ag fás suas le mo linn agus a chastai orm ag na damhsai. Diaidh ar ndiaidh chuir mé aithne ar na seanóiri agus dfhás buan cháirdeas eadrainn. Ba bheag lá nach mbeadh cómhrá agam le Eibhlin Ui Chiaragáin a raibh cónai uirthi ar aghaidh na scoile amach. Teacht saoire an tSamhraidh arsa mise léi, "beidh sui suaimhnis agat anois fad is atá an scoil dúnta." "Ara, a stór,", ar sise, "béidh mé caillte le huaigneas in bhur ndiaidh agus is fada liom go bhfillfidh sibh sa bhfómhar." Is oth liom ará nach raibh an cineál foighde sin ag chuile chomharsa béil dorais linn.
Nach minic a thuirling mé de mo rothar ag lorg eolais ó Sheán Gacháin — Johnie Pheait Una mar a bhfearr aithne air. Fear min séimh a raibh Gaeilge agus Béarla ar a thoil aige. Is iomdha piosa staire áitiúil a dhfoghlaim mé uaidh agus nach aige a bhi an cumas brí agus miniú log ainmneacha a thabhairt uaidh. Ach mo bhrón, agus mo náire, faraor géar go bhfuil a shaibhreas bhéaloidis imithe i gcré leis. A mhalairt ar fad de dhuine ba ea Micilin. Ba ghnás leis bheith ina shuí ar a stóilin tri chosach ag an leath dhoras, a mhaidi croise lena thaobh agus é reidh le agallamh a chur ar chuile dhuine a ghabhfadh an bóthar. Fear conspóideach gurb é a bhuaic argóint mhaith a bheith aige leat, sin no faidhb do-fhuascailte a thabhairt duit. Ar ndóigh bhi bua na hargóinte agus réiteach na faidhbe aige i gcónai duit. Nach minic a chroith sé a chromóg liom Chun mé a stopadh nuair ba mhó mo dhriopás abhaile ach bhain mé taitneamh agus tairbhe as a chomhluadar i gcónai.
Ansin bhi Micheál a tSiopa, fear ni ba ionraice ni chasfai ort i do shiúl lae, fear nach raibh peaca an tomhais riamh ar a choinsias aige. Is iomdha leath phunt tae agus páipear siuicre a fuair mé ar cairde uaidh gan trácht ar bhrioscai agus cáise. Bhi a bhean Máire chomh maith céanna. Cúis áthais dom a rá go bhfuil sise fós ina sláinte agus go mbeidh si ag glacadh páirt san gceileabhradh linn lé cúnamh Dé. Bhi an gréasai Bairéad ann, fear a rinne agus a dheisigh bróga do mhuintir an cheanntair, fear mór lé Gaeilge agus is iomdha leagan cainte agus seanfhocal dá chuid a bhailigh páisti dom. Cé chaoi a bhféadfainn dearmad a dhéanamh ar Mhicheál An Phoist a thagadh ar a rothar chuile ré lá. Ba chuma má bhi no nach raibh post aige sháithfheadh sé a cheann isteach an doras chun Bail ó Dhia is ó Mhuire a ghuí ar an obair. Ba í Cáit an bhean feasa a léighfheadh cupáin agus a ghearrfhadh cártaí. Bhiodh tarraingt na slua uirthi ag lorg eolais faoi chéard a bhi in ann dóibh amach anseo. Bhi an cháil uirthi nár thug sí ach an deá scéal i gcónai. Bhi Eilís naofa a raibh grá thar na bearta aici do Mhuire agus don Phaidrin Páirteach. Chifeá i ag scrín Mhuire ag an gcros bhóthar chuile lá den tseachtain.
Bhi Páraic ann, an comhairleoir chontae a labhair amach san gcomhairle ar son cearta a mhuintire agus a choinnigh súil ghéair ar riaradh na mbéili a bhi curtha ar fáil acu go háirithe san scoil áitiúil! Bhi a lán eile nach iad ach luaim iadsan mar is leo a bhi an teangbháil ba mhó agam. Ach cé is moite de dhuine amháin bhi a ngnó ar an saol seo déanta agus gan aimhreas, tá siad ar dheis láimh Dé anois. Dairigh mé uaim sibh, ba salann na talún sibh.
Ceithre bliana déag a cháith mé ag taisteal chun na scoile ar mo rothar. Ba chosúil mé féin agus mo "ghiorráinin iarainn" le Sean Pháraic agus a asal beag dubh. Bhi chuile chorr agus casadh den bhóthar ar eolas aige, nó sin a mheas mé gur sineadh mé lá. Ní raibh ag cur as dom nuair a tháinig mé chugam féin ach a'bhfaca éinne mé. Ar ndóigh bhí an bóthar chomh sleamhain le gloine an lá céanna taréis oiche chrua sheaca. Is minic a bhuail na buachaillí sinsir bob orm faoin rothar. Thagadh siad isteach am lóin ag inseacht dom go raibh sé tollta. Séift a bhi acu an taer a ligean as na boinn má theastaigh uathu éalú ó ábhar éigin a bhi leamh agus neamh shuimiúil dóibh. Déirigh mé crionna faoi dheire agus rinne mé maoirseacht ar an obair.
Ach ar deireadh thiar thall tugadh sean chárr dom mar bhronntanas. Ni raibh agam ach ceithre cheacht tiomána nuair a thug mé liom ar scoil é. Niór bhain aon mhór thimpiste dom, buíochas le Dia, ach niór fhág mé mórán griomh ar chruacha móna na cleití ar chearca an fómhar sin. Ar ndóigh ba é gnó an mháistir an cárr a chasadh dhom gach tráthnóna ar feadh míosa. Sa deire chuir sé iallach orm féin triail a bhaint as.
Bhi "lá fómhair" ag na páisti go mór mhór ag na buachailli óga ag faire ar an "dráma". "Leagfaidh si an balla," arsa buachaill báire amháin. "Tabharfaidh si an geata leí," arsa boc eile. "Féach uirthi anois," arsa an triú cleasaí, "ní thig léi an cárr a chúlú ach is beag foighde a bhéas aici linn maidin amárach muna mbéidh na táibhlí méadaithe ar eolas go pras againn." Bhfíor dó is dócha. Nior fhéad an máistir an gáire a choinneáil siar ach déirimse leat gur beag
grinn a bhain mise as an magadh an tráthnóna sin. Ach caithfidh mé a admháil gur minic a bhíos ins na tríthe ag gáire faoin eachtra sin o shin.
Ar ndóigh bhi mór chuairteanna agus mion chuairteanna na gcigirí. Bhiodh ord agus eagair do na mór chuairteanna mar bhíodh fogra faighte roimh ré ach ba rud éile ar fad na mion
chuairteanna. Is baolach go mbíodh beagán den chur i gcéill agus den dallamullóg á chleachtú dóibh siud. "Fág do scéim seachtainiúil ar an mbord agam," arsa fear uasal a bhi ar cheann de na mion chuairteanna. Cosúil le culaith an Rí ba scéim do-fheicthe a bhí agam an lá céanna. Ni dhearnadh an dara tagairt dó ach h'iarradh orm cupán tae a dhéanamh ar ball beag. Ni raibh uaim ach gaoth an fhocail agus le cabhair mo chara béil dorais bhi an bord leagtha agus an tae ullamh ar an toirt. Ar ndóigh bhi agus tá sé de nós beagan bolscaireachta a dhéanamh faoi chuairt chigire agus niorbh taise é an lá sin. Chuir mise mo leagan féin air do mhúinteoir óg a casadh orm ar mo bhealach abhaile tráthnóna. "Céard dúirt tú leis?," ar sise. "D’inis mé dhó go raibh mo nótaí ar thaispeántas san larsmalainn Náisiúnta taobh lé géag láimhe Ailfi Broin — iar mhéire Bhaile Átha Cliath — mar cheann de sheacht niontaisí an domhain!" Is cosúil go ndeacha an scéal ar ais chuige ach caithfidh mé a rá nár baineadh aon dioltas amach.
Ach thar laethanta scoile an domhain tá lá amháin nach bhfágfaidh mo chuimhne go deo, an lá deiridh de mhi Eanair 1957. Thosaigh an stoirm thart ar mheanlae, gála a bhí ag éirig agus ag éirig go raibh sé ina stoirm dhearg. Tuairiscíodh luas 107 mile san uair a bheith leis. Bhi an-droch bháil ar an bhfoirgneamh mar bhi an bainisteoir, an Canónach Finnéidhe ag fanacht le cead agus cabhair airgid ón Roinn roimh dul i ngleic leis an obair dheisiúcháin. Mar bhárr an gach olc bhi an Priomh Oide, Mac Ui Ghloinn ar fhleasc a dhroma in ospidéal agus cúram a ranganna ar fhear óg aerach — gaol liom féin — a bhi beag beann ar ghaoth ná ar dhoineann. Ba bheag eagla a bhi ar an gcailin óg spéiriúil, Maire Ni Eochaidh a raibh cúram na naonáin uirthi. Baois na hóige is dócha agus cé a thógfadh orthu é. Leis sin thárla an troimpléasc agus séideadh isteach ceann de fhuinneoga binn na scoile. Cluineadh glór agus ologón ó pháisti óga ag iarraidh dhul abhaile agus ag glaoch ar Mhamaí agus Dhaidí. Lig cailín sinnsir béic aisti ag rá go raibh Martha faoin smionagair. "Tá sí marbh," arsa mise liom féin agus rith mé amach béil dorais ag lorg cabhrach. Dubhradh liom go minic ina dhiaidh sinn gurbh é Dia amháin a shábháil mé an lá sin. Tháinig Labhrás isteach liom agus eadrainn ceathrar d'árdaigh muid an fhuinneog. Chuala muid glóirin beag fann ag rá "nil mé marbh, tá mé anseo faoin smionagar." Nach mé a dfháisc le mo chroi i nuair a saoradh í. Beidh suim agam
inti agus grá ar leith agam dí fad a mhairfidh mé.
Ba é Mártan Duinnsléibhe an dara comharsa a tháinig i gcabhair orainn nuair a chonaic sé lasracha ag dul san aer ón tine. Rinne sé cion beirte ag iarraidh an tine a cheannsú agus páisti a thárrtháil. Tugadh an lá sin chun cuimhne dom cúpla mí ó shin agus mé ag tionlacan a choirp chun na huaighe. Táim cinnte gur chúitigh Dia a shaothar leis, beannacht Dé lena anam. Cé a shéanfadh
nach é lá na gaoithe lá na scolb taréis eachtra den chinéal sin. Bhi saoire fada againn agus níor mill muid ar an scoil go dti seachtain na Cásca nuair a bhi gach scoil eile dúnta. Séard ba chúis leis an athoscailt tobann seo go raibh an tEaspag ag teacht go Gleann Chaisil an Domhnach dár gcionn le páistí a chur faoi láimh Easpaig. Bhi an gnáth scrúdú le bheith acu mar ullmhucháin don tSacraimint. An tAthair Ó Mórdha, beannacht Dé leis a chuir faoi scrúdú iad. Ba mhó a neamheolas ná a n-eolas is baolach. Nil uair dá leighim "Tangmalangaloo" nach smaoiním ar an scrúdú sin!
Ach dimigh na blianta thart agus rinne mé cinneadh go raibh sé thar am agam slán a fhágáil ag an gcaint agus ag an gcailc, agus seans a thabhairt do mhúinteoir óg' éigin a bhi gan post mo áit a ghlacadh. Chuir mé an cinneadh seo in iúl do Neil an Priomh Oide, don Bhainisteoir an tAthair Mac Giolla Easpaig, don sagart paróiste an tAthair hAllmharáin, don chigire agus don Roinn ar ndóigh. Mheas mé dá laghad poiblíochta a thabharfainn dó gur lú trioblóide a bhéinn ag cur ar dhaoine áirithe. Ach "ni mar siltear bítear". Bhi a dtuairimi féin acu faoi cheiliúradh na hócáide. Coinníodh mise san dorchadas faoi. Nior dhubhradh liom ach go mbeadh Aifreann sa scoil, rud a chuir an-áthas orm ar ndóigh.
Tháinig lá saoire na Nollag (18) an lá a bhi socraithe agam éiri as an mhúinteoireacht faoi dheireadh. Bhi doras an tseomra tholamh ar oscailt nuair a shiúil mé isteach go mall san halla. Ba chosúil le ríocht na sí an radharc a bhi ós mo chomhair amach. Thuig mé ansin go raibh síoga daonna ag obair ó árd thráthnóna go moch maidne leis an gcóiriú sin a chur air agus go deimhin ba mhór an chreidiúint dóibh é, bail ó Dhia is ó Mhuire orthu. Bhi an tAifreann againn ar a dó a chlog agus gach duine idir thuismitheoirí, scoláiri agus iar-scoláiri in ord agus eagair dó. Ni dheanfaidh mé dearmad choiche ar an Aifreann sin ná ar na daoine a bhi rannpháirteach ann, an ceol álainn ab annsa le mo chroi an seanmóir. na sliochta a léigh na páisti. Bhi foirfeacht ag baint le chuile ghné de. Nar laga Dia neart a ngutha ná luath a méar. Nuair a bhi an tAifreann thart bhi féasta curtha ar fáil a bhi ion churtha le féasta bainise ar bith — nua gach bia agus di do chách. Chloisfeá glórtha na bpáisti san domhan thoir nuair a shiúil San Nioclás isteach le mála lán de bhronntanaisí dóibh. Bhí
ceol, craic agus damhsa againn agus nior mhothaigh mé an tam ag sleamhnú go raibh sé in am scoir. Ba dhubh mo chroí agus mé ag fágáil slán ag tuismitheoirí, páisti, iar scoláiri, cléir, Neil agus a clann mhac agus inion agus an tSiúr Caitlin a thóg ceann dá laethe saoire le bheith linn agus a rinne cion triúr i rith an lae. Céard a thig liom a rá ach mo mhíle buiochas agus beannacht a chur libh. Ba bhrónai mé na Eoinin na nÉan i ndiaidh na bhfáinleog agus mé ag scaradh libh. Ni bheidh bhur leithidí ann aris. D’fhill mé abhaile go dubh chroioch. Chuaigh mé a Iuí ach ba bheag fonn codlata a bhi orm. Thosaigh mé ag gluaiseacht ar ais bóithrin na smaointe agus ag glaoch rolla im intinn féin. Cá raibh na páisti a bhi i láthair an chéad lá a dfhág mé cos i Scoil na Sraithe?
Bhi a lán acu socraithe sios sa cheanntar, cúram tí agus clainne orthu agus ag éiri go geal leo. Bhi cuid eile acu scaipthe i gcríocha na cruinne, ón Domhan Thiar go dti an Domhan Theas, deá obair á dhéanamh acu agus iad ag smaoineadh ar fhilleadh don chomóradh céad blian i Mí Lúnasa. Ach bhi tocht i mo ghlór agus deora im shúile nuair a thosaigh mé ag glaoch orthu seo a d’imigh agus nach mbéidh ag filleadh. An Sheám Pól déalaigh tú uainn go flaitheas in aois do sheacht mbliana, a fheidhlim na gruaige cataigh shiúil tú le Dia gach lá ded shaol agus sciobadh go tobann uainn thú. A Thomáis, a mhicin mhánla, nár dheisigh tú an teilifis dom achar gearr roimh do bhás gan choinne. A Mháirtin, nárbh to an luathchleasaí agus an peileadóir den scoth, a Mhicheáil, an ghrinn nach raibh fáil ort áit ar bith a raibh ceol gaelach dá chasadh, a Chaoimhín aerach a bhi le filleadh orainn i Mi Lúnasa, a Róise, an tóigbhean nua phósta a dfhág muid i mbláth do óige, a Ghearóidin, mhin séimh bogchroioch a dfhág faoi bhrón muid tamall gearr o shin, a Bhrid, a bhi romham gach lá ag doras na scoile taréis aistir trá' agus bóthair a bheith curtha dhiot de shiúl cos, tá do chruatan thart anois. Nach beag a shíl go mbeadh sibh imithe romham. Ach toil Dé go ndéantar. Mar fhocal scoir guim rath agus seán oraibhse atá sa mbaile nó i gcéin agus Flaitheas Dé do anamnacha na marbh. "In iothlann Dé go gcastar sinn uile".